An méid a gheobhaidh tú ar ardán acmhainní WeR1

Tá cur chuige WeR1 bunaithe ar an smaoineamh gur fearr a éiríonn le daoine nuathagtha fostaíocht a fháil agus socrú isteach i sochaí nua má thugann siad faoi scileanna bunúsacha teanga a shealbhú go luath tar éis dóibh teacht.

Forbraíodh acmhainní WeR1 chun cuidiú le hoideachasóirí, le hoibrithe deonacha, agus le hoiliúnóirí i gcomhlachtaí atá ag iarraidh oiliúint teanga agus gairmoiliúint a chur ar fáil do dhaoine nuathagtha.

Ar ardán acmhainní WeR1 tá tacar de phleananna ceachta mionsonraithe a chuireann an foghlaimeoir i lár an phróisis fhoghlam. Tá siad bunaithe go príomha ar an dá mhodheolaíochtaí Foghlaim Thascbhunaithe agus Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga. Tá treoirleabhar do múinteoirí ann freisin, a chuireann creatlach theagascach ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo cur chuige WeR1 a chur i bhfeidhm, agus treoirleabhar chun cúrsa san fhorbairt ghairmiúil a reáchtáil. Tá teimpléad bán ar fáil freisin dóibh siúd atá a bhfuil spéis acu pleananna ceachta nua a cheapadh.

Is tionscadal trasnáisiúnta é We Are One, arna mhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach. Léiríonn an suíomh gréasáin seo, agus a bhfuil ann, tuairimí an údair amháin, agus ní féidir leis an gCoimisiún a bheith freagrach as aon úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as an bhfaisnéis atá ann.