Creat Teagaisc

Lámhleabhar a fhéachann le teagasc teanga a dhéanamh tarraingteach agus ábhartha d'fhoghlaimeoirí fásta ón iasacht

Bunaithe ar an smaoineamh go dtéann teagasc teanga agus iarrachtaí imeasctha le chéile, cuireann ár lámhleabhar bunphrionsabail theoiriciúla chur chuige WeR1 i láthair do theagascóirí teanga, chun go mbeidh an buneolas acu atá de dhíth chun na teoiricí a chur i bhfeidhm. Tá ábhar an Lámhleabhair nasctha go díreach leis na huirlisí agus na hábhair atá ar fáil ar ardán foghlama WeR1.

Bunaithe ar chleachtais rathúla ó cheithre thír Eorpacha (An Phortaingéil, Éire, Poblacht na Seice, agus an Danmhairg), soláthraíonn an lámhleabhar an buneolas riachtanach a theastaíonn leis an teoiric a chur i bhfeidhm. Díríonn sé ar ionaid teanga, malartáin fhostaíochta comhlachtaí a fhostaíonn daoine nuathagtha nó aon eagraíocht a bhfuil ról gníomhach acu sa phróiseas imeasctha. Tugann an lámhleabhar le chéile na heilimintí a táirgeadh sa tionscadal, atá dírithe ar imeascadh sláintiúil sa tsochaí a fhorbairt. Mar bhuntáiste breise, is féidir an lámhleabhar a úsáid mar chúrsa tosaigh le haghaidh oibrithe deonacha nó foirne nach bhfuil mórán taithí teagaisc acu.

Roghnaíodh an t-ábhar lena chinntiú go gcuirtear an fhaisnéis is ábhartha i láthair ar bhealach atá éasca a thuiscint, le heolas achomair agus soiléir a luíonn le ríachtanais ghairmiúla an léitheora.


Cuimsíonn an Lámhleabhar na réimsí eolais a leanas:

  • Bealaí difriúla chun déileáil le coimhthíos cultúir agus le hinniúlachtaí idirchultúrtha a fhoghlaim

  • Conas inspreagadh foghlaimeoirí a mhéadú

  • Conas féinéifeachtúlacht bunaithe ar shíceolaíocht dhearfach a fhorbairt tuilleadh

  • Léargas a thabhairt do léitheoirí ar na modheolaíochtaí FCÁT agus FT

  • Conas na modhanna modheolaíochtaí FCÁT agus FT úsáid i dteagasc teanga i gcomhthéacsanna gairmoiliúna

  • Feidhmiú mar intreoir do phleananna ceachta WeR1

  • Cabhrú le hoideachasóirí a bpleananna ceachta WeR1 féin a chruthú