Cabhrú le daoine nuathagtha cumarsáid éifeachtach a dhéanamh sa láthair oibre nó sa tsochaí

Maidir leis an Tionscadal

Le cúpla bliain anuas, d'fhág na milliúin daoine a dtíortha dúchais chun obair a fháil, deiseanna níos fearr sa saol a lorg, agus éalú ó chogadh agus ainghníomhartha a rinneadh in aice agus timpeall a mbailte. Thriall daoine ó gach aicme shóisialta ar muir is ar tír chun tús nua nó dídean a lorg. Níorbh aon eisceacht í an Eoraip.

Ba dhúshlán é ag go leor tíortha freastal ar na sluaite de dhaoine nuathagtha. Cheap roinnt acu straitéisí agus cláir lánpháirtithe daoine nuathagtha a dhéanamh rannpháirteach sa tsochaí, ach tá níos mó i gceist le lánpháirtiú ná bia, uisce agus foscadh a sholáthar do dhaoine. Tá neamhspleáchas airgeadais, inniúlachtaí idirchultúrtha, agus scileanna saoil, chomh maith le scileanna teanga, ríthábhachtach maidir le lánpháirtiú rathúil. I bhformhór na gcásanna, braitheann sé seo ar an duine aonair teanga fheidhmiúil a shealbhú, ar féidir í a úsáid chun idirghníomhú go rathúil le daoine sa tsochaí óstach agus san ionad oibre féideartha.

Díríonn na hábhair a chruthaigh tionscadal WeR1 ar chabhrú le hoideachasóirí daoine nuathagtha a spreagadh chun teanga na tíre óstaí a fhoghlaim. Déantar seo trí théamaí a bhfuil baint dhíreach acu lena saol agus lena réaltachtaí a chur ina láthair.

Cuireann tionscadal WeR1 béim chothrom ar thuiscint idirchultúrtha, scileanna 21ú haois, nósanna diúltacha sóisialta a choigeartú, agus scileanna teanga feidhmiúla a fhorbairt.

Is é príomhaidhm an tionscadail ná cabhrú le daoine nuathagtha cumarsáid éifeachtach a dhéanamh sa láthair oibre nó sa tsochaí, cultúr na dtíortha óstacha a thuiscint agus a seansanna post a fháil a fheabhsú. Féachann sé freisin lena bhféin-éifeachtúlacht agus a dteacht aniar a fhorbairt tuilleadh. Chuige seo, d'fhorbair foireann tionscadail WeR1 sraith de chláir ghairmoideachais teanga bunaithe na modheolaíochtaí Foghlaim Thascbhunaithe (FT) agus Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT).

Léiríonn taighde reatha go bhfuil foghlaimeoirí níos spreagtha chun foghlama nuair a bhíonn siad gníomhach i rith am ranga. Is féidir é seo a bhaint amach trí thascanna a leagan ar fhoghlaimeoirí a thugann orthu oibriú le chéile chun fadhbanna réalaíocha a réiteach agus an sprioctheanga a úsáid go cruthaitheach. Cuimsíonn modh FCÁT iniúchadh ar theanga, bunaithe ar ábhar a bhaineann go díreach le réimse eolais éigin. I dtionscadal WeR1, táimid ag féachaint le cur chuige FCÁT a aistriú ón oideachas ginearálta agus ón ghairmoideachais go dtí cláir oiliúna atá dírithe ar theanga ghairmiúil a theagasc do dhídeanaithe agus d'imircigh. Leagann WeR1 béim freisin ar an úsáid a bhaintear as teanga dhílis trí FT, agus ar iarraidh ar fhoghlaimeoirí tascanna fiúntacha a chur i gcrích trí meán na sprioctheanga, tascanna a athchruthaíonn eispéiris saoil laistigh den seomra ranga. I measc na dtascanna sin áirítear: ullmhúchán le haghaidh agallaimh poist, cairde nua a dhéanamh nó líonrú, agus tascanna a bhaineann le gairmeacha ar leith a chur i gcrích.

Don fhoghlaimeoir spreagtha, éascaíonn cur chuige WeR1 dul chun cinn níos tapúla, cabhraíonn sé le foghlaimeoirí an mórphictiúr i dtaca leis an chaidreamh idir teanga agus cultúr a fheiceáil, agus tógann sé muinín na bhfoghlaimeoirí as a gcumas féin.

Misean agus Fís

Trí uirlisí agus ábhair a fhorbairt do sholáthróirí oiliúint teanga agus d'institiúidí a chabhraíonn le hinimircigh agus dídeanaithe imeascadh i sochaí nua. Féachann foireann WeR1 le tairbhe a bhaint as an rabharta imirce agus é a úsáid chun cur go dearfach le geilleagar inbhuanaithe amach anseo. I dtreo an réitigh sin, molaimid cur chuige nua-aimseartha agus ábhartha don oideachas aosach a chabhróidh le daoine nuathagtha imeascadh sa tsochaí óstach. Cónaíonn thart ar 13-14 milliún duine san AE nár rugadh ann, is ionann sin agus timpeall 4% den daonra. Ceileann an staitistic sin roinnt patrún arbh fhiú aird a thabhairt orthu. Is amhlaidh gur teifigh iad céatadán ard de na hinimircigh atá tar éis teacht chuig an AE, tá cuid acu fós i measc sluaite inimirceach i réigiúin agus i gcathracha áirithe, agus gan fáil acu ar an margadh fostaíochta.

Smaoineamh atá ag treochtáil i bhformhór na dtíortha Eorpacha i láthair na huaire, is ea go bhfuil rannpháirtíocht luath sa margadh fostaíochta ríthábhachtach má tá daoine le bheith imeasctha mar ba cheart sa tsochaí. Cuireann an rannpháirtíocht luath seo sa mhargadh fostaíochta seo go mór lena n-iarrachtaí teanga na tíre óstaí a shealbhú níos gasta. Tá an baol mór ann fós go gcruthófar sochaithe chomhthreomhara i measc grúpaí mionlacha. Caithfidh iarrachtaí lánpháirtíochta a bheith fócasaithe chun féachaint chuige go bhforbraítear na scileanna a theastaíonn chun lánpháirtíocht a dhéanamh rathúil.

Soláthraíonn foireann We Are 1 acmhainní go príomha do theagascóirí teanga. Cabhraíonn na hacmhainní seo go speisialta le hinimircigh agus dídeanaithe nach bhfuil cúlra acadúil acu. Cuirfidh na hábhair le háiseanna agus beartais eile imeasctha atá ann cheana féin, agus dá réir sin imreoidh siad ról dearfach sa phróiseas imeastha.

Is mian le WeR1 cabhrú le daoine nuathagtha:

  • Teanga na tíre óstaí a fhoghlaim chun tascanna laethúla a chur i gcrích
  • Bheith neamhspleách ó thaobh airgid de
  • Idirghníomhú agus cumarsáid a dhéanamh le daoine sa tsochaí óstach
  • Dúshláin a bhaineann le tuairimí agus luachanna difriúla a shárú
  • Teacht aniar agus féinéifeachtúlacht a fhorbairt